Welcome
Dear Parents / Guardians
Ar scoil
Is Bunscoil trí Mheán na Gaeilge í Gaelscoil na gCrann a fhreastalaíonn ar bhuachaillí agus ar chailíní d’uile-ábaltabht idir 4-11 bliain d’aois.
Táimid suite go foirfe ar imeall na hOmaí sa bhaile fearainn Coillidh Chlochair ar thaillte Ionad oidhreacht chultúrtha Dhún Uladh agus Club Peile Coillidh Chlochair.
Osclaíodh doirse Ghaelscoil na gCrann i mí Mheán an Fhómhair 2006 mar a bhfuil sí faoi láthair le 36 dalta inti.
Tá éiteas leanbhlárnaigh ag ár scoil atá tiomanta d’oideachas ardchaighdeáin a sholáthar do gach aon pháiste. Tá buntáistí dátheangachais soiléir inár bpáistí uilig atá muiníneach agus ardghnóthach.
I mí Mheán an Fhómhair 2010 bhronn an Roinn Oideachais aitheantas reachtúil lánaimseartha ar Naíscoil na gCrann as sin amach a bhí mar ionad naíolainne reachtúil Ghaelscoil na gCrann.
Faoi láthair tá 123 páiste ag freastal ar Naíscoil agus ar Ghaelscoil na gCrann.
Leasaítear chun dáta an critéir iontrála dár n-ionad naíolainne , Naíscoil na gCrann, ar bhonn bliantúil agus claíotear le treoirlíntí na Roinne Oideachais.
Gníomhaíochtaí Seach-Churaclaim
Tá lucht Ghaelscoil na gCrann tiomanta d’fhorbairt an linbh ina iomláine agus cuirtear réimse leathan de Ghníomhaíochtaí SeachChuraclaim ar fáil sa cheol, i spórt, i dteangacha chomh maith le leas a bhaint as náisc a bheith againn leis an chlub CLG sa cheantar mar aon le scoileanna eile.
Tagann ionadaithe as Bord Chontae Thír Eoghain isteach sa scoil go seachtainiúil le scileanna peile agus iomána a theagasc do na páistí. Tugtar deis do na páistí chun páirt a ghlacadh i mblitzchomortais éagsúla i rith na scoilbhliana gurbh fhéidir leo a scileanna úrnua a d’fhoghlaim siad a léiriú. D’imir cuid de na páistí mar ionadaithe ar son na scoile le linn chluichí peile agus iomána i gCraobhchomortais an Chontae.
Tá na páistí páirteach i ranganna ceoil gach aon Chéadaoin le Nuala Bn. Mhic Shuibhne. Tá an deis ag na páistí amhráin nua a fhoghlaim i nGaeilge agus i mBéarla chomh maith lena scileanna feadógaí stáin a fhorbairt. Ag deireadh na scoilbhliana, tugtar an deis do na páistí chun grád ceoil a bhaint amach ina bhfeadógaí stáin. Glacann an mhórchuid de na páistí leis an deis seo. Tá an caighdeán a bhaineann na páistí amach ina gcuid scrúduithe ar fheabhas.
Is mór an buntáiste é do na páistí i R1-R5 chun Spáinnis a fhoghlaim sa Bhunchlár Nuatheangacha le Hilary Duncan. Is breá go mór leis na páistí againn an deis chun an tríú teanga a fhoghlaim.
Tá gach aon pháiste páirteach san ullmhú faoi choinne Fheis Thír Eoghain. Tá Traenáil in Oilteacht Rothaíochta ar fáil gach aon dara bliain.
Bíonn ár gclub Iarscoile ag dul ar aghaidh do gach aon dalta Dé Luain go Dé hAoine idir 3.15-5.15. I rith an ama seo tá deis ag na páistí bheith páirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla ar nós Gymkids, ealaíne agus ceardaíochta, cócaireachta, dráma, ceoil, traenála sa gharchabhair, Zumba, Hiphop, Karaté agus cluichí srl. I rith an ama seo chomh maith, tá
tréimhse coinnithe saor gurbh fhéidir leis na páistí a gcuid obair baile a chríochniú le tacaíocht ar fáil ó bhall foirne.
Ó thus 2010/2011 bíonn club bricfeasta ar fáil gach aon maidin do na páistí ar chostas 50p sa lá
AIDHMEANNA
Is í an aidhm le Curaclam Thuaisceart na hÉireann ná chun daoine óga a chumasú le roghanna agus cinntí a dhéanamh atá eolasach agus freagrach i rith a saol.
An rún bunúsach atá againn ná chun cuidiú le gach aon pháiste a phoitéinseal a chomhlíonadh laistigh de Thimpeallacht Scoile Caitlicí.
Scileanna agus Cumais
I gcroílár an churaclaim tá léirbhéim ar fhorbairt scileanna agus ar chumas don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus do fheidhmiú éifeachtach sa tsochaí. Trí dheiseanna le dul i mbun comhthéacsanna foghlama ghníomhaigh sna réimsí traschuraclaim ar fad, ba chóir do pháistí forbairt diaidh ar ndiaidh
DÁTHEANGATHAS
CAD CHUIGE OIDEACHAS TRÍ MHEÁN NA GAEILGE?
Cad chuige ar chóir dúinn deis a thabhairt dár bpáistí bheith dátheangach? Léiríonn staitisticí go bhfuil níos mó ná 70% de phobal an domhain dátheangach ~ is féidir le do pháiste féin a bheith amhlaidh fosta!
Bíonn an curaclam céanna naíscoile agus bunscoile á theagasc do pháistí i Naíscoil agus Gaelscoil na gCrann agus a bhíonn á theagasc do pháistí i scoileanna an Bhéarla ach amháin anseo trí mheán na Gaeilge.
Tá níos mó ná 70% de phobal an domhain dátheangach agus mar sin de cad chuige nár chóir do na páistí againn a bheith mar an gcéanna?
Is fada a léirigh fianaise idirnáisiúnta go ndéanann páistí atá ag fáil oideachais tríd an dara teanga chomh maith, nó fiú níos fearr ina gcéad theanga (Béarla sa chás againn) ach go fóill ag éirí líofa sa dá theanga. Cuireann eolas atá bunaithe ar thaighde idirnáisiúnta in iúl go seasta go mbíonn feidhmiú feabhsaithe ag páistí a fhaigheann oideachas dátheangach. Tá an buntáiste seo le feiceáil thar réimse leathan ábhar.
Léiríonn taighde go bhfuil sé iontach tairbheach chun an dara teanga a thabhairt isteach don pháiste agat ag aois óg.
Dúirt an tOllamh Colin Baker, atá ina leas-seansailéar Ollscoil Bheannchair, sa Bhreatain Bheag, agus ar dhuine de na húdair is tábhachtaí faoin dátheangachas, ar na mallaibh:
AIDHMEANNA:
I nGaelscoil agus i Naíscoil na gCrann, oibrímid i gcomhpháirtíocht lenár dtuismitheoirí, le teaghlaigh shínte agus le lucht an phobail le cinntiú go mbaineann gach aon pháiste a chumas/cumas amach.
Aidhmeanna Ghaelscoil agus Naíscoil na gCrann:
· go gcuidítear le páistí uilig chun ardchaighdeán na Gaeilge a fhorbairt.
· go gcuirtear ar chumas gach aon pháiste bheith ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha.
· go bhforbraítear meoin fhiosraithe mar aon le meanma fhiosrachta.
· go bhforbraítear muinín agus féinmheas.
· go gcuidítear le páistí a sainiúlacht féin mar aon le sainiúlacht dhaoine eile atá thart orthu a léirthuiscint.
· go gcinntítear go bhfuil gach páiste chomh ullmhaithe agus is féidir le haghaidh na chéad chéime eile ina gcuid scolaíochta.
· go gcuidítear le daltaí forbairt ina saoránaigh fhreagracha don am atá le teacht.
· go mbítear gach aon thuismitheoir páirteach i ngach aon ghné de shaol na scoile.
Trí na haidhmeanna againn á leagadh amach ar an dóigh seo, creidimid go n-éireoidh le gach aon pháiste trí thaithí a fháil ar:
· churaclam atá leathan, cothromaithe agus scilbhunaithe.
· thimpeallacht dhátheangach fhoglama atá shlán mhisniúil agus spreagúil ina mothaíonn gach aon daltaí, bhall foirne agus thuismitheoir go bhfuil meas air/uirthi.
· chóras cúraim thréadaigh a chomhlíonann riachtanais gach aon duine aonánaigh.
· éiteas tacaíochta agus spreagtha ina gceiliúrtar iarrachtaí, buanna agus gnóthachtálacha atá ag daltaí agus ag an fhoireann ar fud na scoile.
· chomhpháirtíocht láidir idir baile agus scoil.
Misean.
Is Bunscoil trí Mheán na Gaeilge í Gaelscoil na gCrann a bhfuil aonad Naíolainne reachtúil aici, Naíscoil na gCrann. Sa scoil againn is í ár gcuspóir ná chun riachtanais atá ag daltaí agus lucht na foirne uilig a chomhlíonadh agus le freastal ar na riachtanais seo – intleachtach, oideasúil, mothúchnánach agus spioradálta.
Táimid ag iarraidh timpeallacht fhoghlama a chur ar fáil atá sona agus cásnach agus a bhfuil éiteas Gaelach ar leith aici le haghaidh gach aon pháiste agus bhall foirne. Tá súil againn trí chuidiú le gach aon pháiste aonánach chun a bpoitéinseal a chur i gcrích, a ngnóthachtálacha a cheiliúradh, meas a bheith acu ar a ndifríochtaí agus cóimheas a spreagadh do dhaoine eile, go gcothaítear féinmheas agus bunús daingean a chur ar fáil don saol atá le teacht.
Tá atmaisféar teaghlaigh atá iontach oscáilte cardúil sa scoil. Tá gaol thar a bheith maith idir daltaí agus lucht na foirne agus tuismitheoirí. Tuigeann tuismitheoirí uilig go bhfuil ról iontach tábhachtach agus lárnach acu i saol scoile. I Naíscoil agus i nGaelscoil na gCrann oibríonn tuismitheoirí agus an fhoireann scoile go han-mhaith le chéile i gcomhpháirtíocht ar son oideachas na bpáistí.
Foghlaimíonn na páistí i timpeallacht ghrámhar shlán chomhbhach dhátheangach. Oibríonn gach aon pháiste ar a leibhéal féin de réir a chumas/cumas féin. Tá na múinteoirí uilig feasach ar na leibhéil chumais seo agus ar stráitéisí le freastal orthu. Úsáidtear modhanna éagsúla teagaisc pleanála agus measúnaithe go héasca lena chinntiú go gcomhlíonann na páistí uilig a bpoitéinseal iomlán. Tá polasaithe, scéimeanna oibre i bhfeidhm de réir Churaclam Thuaisceart na hÉireann agus tá modheolaíochtaí soiléire i bhfeidhm a thuigeann gach aon duine. Uasdátaíonn foireann na scoile a scileanna, a n-eolas agus a dtaithí le cinntiú go bhfuil céim ard á cothabháil acu sa scoil an t-am ar fad.
Teagasctar do pháistí agus foghlaimíonn siad meas a bheith acu ar gach aon ghné de chultúr na hÉireann mar aon le foghlaim faoi chultúir agus faoi chreidimh an domhain agus chun urraim a thabhairt dóibh.
Coinnítear an proifíl dhearfach seo sa pho
Latest News
Latest Photographs
Upcoming Events...
Gaelscoil & Naíscoil Na gCrann, An Ómaigh, Ballinamullin Road, Omagh, Co. Tyrone, BT79 0PZ
Phone: 028 8225 2772

